Skip to main content

Breadcrumbs

  1. Home
  2. Council

Moltar do mhuintir an Chláir smaoineamh ar mhaireachtáil chiorclach um Nollaig

8 December 2023

Don Nollaig seo, tá Comhairle Contae an Chláir ag spreagadh daoine chun tacú le Nollaig inbhuanaithe trí dhramhaíl a chosc, trí na rudaí atá againn a athúsáid, agus trí na rudaí nach féidir le daoine eile a úsáid a thuilleadh nó a athúsáid a athchúrsáil.

Mhínigh Karen Foley, Oifigeach Feasachta Comhshaoil: “Tréimhse den bhliain ina ngintear a lán dramhaíola is ea an Nollaig. Is gá dúinn uile aistriú amach ó shamhail líneach le haghaidh ár gcuid stuif a dhéanamh, a úsáid, a thomhailt agus a dhiúscairt agus aistriú chuig samhail chiorclach a bhfuil sé i gceist léi rudaí a choinneáil i mbun úsáide ar feadh na tréimhse is faide is féidir trí iad a athúsáid, a dheisiú, a uaschúrsáil agus a chomhroinnt agus trí níos mó athchúrsála a dhéanamh. Is é an toradh a bheidh ar thacú le maireachtáil chiorclach ná go laghdóimid ár lorg coise carbóin agus go gcabhróimid le hacmhainní nádúrtha teoranta an domhain a chaomhnú.”

Dúirt sí ina dhiaidh sin: “Is féidir cuid mhaith de na rudaí nach féidir a chomhroinnt, a athúsáid ná a uaschúrsáil a athchúrsáil. Mura bhfuil tú cinnte um Nollaig faoi na rudaí is féidir a athchúrsáil agus faoi na rudaí nach féidir a athchúrsáil, déan cinnte de go dtugann tú cuairt ar www.mywaste.ie. Is féidir rudaí in-athchúrsáilte a thabhairt chuig ceann ar bith de na cúig cinn d’ionaid athchúrsála agus de stáisiúin aistrithe Chontae an Chláir freisin. Tá sé chomh saor le €5.00 ualach cairr de dhramhaíl in-athchúrsáilte a thabhairt chuig an mBaile Dubh Beag, chuig Lios Duibhinn, chuig Sionainn, chuig an Scairbh agus chuig Inis. Is féidir láithreacha, uaireanta oscailte agus costais athchúrsála ár n-ionad athchúrsála a aimsiú ag www.clarecoco.ie.”

“Féadfaidh sealbhóirí tí freisin buidéil agus cannaí alúmanaim a thabhairt saor in aisce chuig ár n-ionaid ‘fág anseo’ atá lonnaithe timpeall an Chláir,” arsa Pat Baker, Innealtóir Feidhmiúcháin, an Fhoireann Bainistíochta Dramhaíola. “Tá sé tábhachtach a chinntiú freisin go gcoinneofaí na hionaid ‘fág anseo’ glan agus slachtmhar trí bhuidéil agus cannaí alúmanaim, agus iad sin amháin, a fhágáil acu le linn shéasúr na Nollag. Níor cheart boscaí, málaí ná ábhair eile a úsáidtear chun rudaí in-athchúrsáilte a iompar a dhiúscairt ag na hionaid ‘fág anseo’. Seirbhísítear ionaid ‘fág anseo’ go tráthrialta. Dá ainneoin sin, bíonn éileamh ollmhór ar na hionaid ag an am seo den bhliain. Ba cheart láithreáin eile a úsáid nuair atá na hionaid ‘fág anseo’ lán. Gabhaimid buíochas le daoine as a gcuid comhair.”

Dúirt Maria Carey, Innealtóir Feidhmiúcháin, an Fhoireann Forfheidhmithe Dramhaíola: “Táimid ag spreagadh daoine freisin gan aon Rian a Fhágáil ina ndiaidh agus bruscar a chur isteach san Araid nó é a Thabhairt Abhaile leo nuair atá siad amuigh ag baint sult as taitneamhachtaí iontacha Chontae an Chláir thar thréimhse na Nollag. Má thagann fadhb chun cinn le caitheamh bruscair nó le dumpáil neamhdhleathach i do phobal, is féidir teagmháil a dhéanamh lenár bhFoireann Forfheidhmithe Dramhaíola ach glao a chur ar 1800-606706 / 065-6846331 nó ríomhphost a sheoladh chuig enviroff@clarecoco.ie.”

Leideanna maithe faoi conas is féidir linn uile tacú leis na spriocanna domhanda a bhaint amach agus Nollaig inbhuanaithe chiorclach a bheith againn:

  • Ceannaigh bronntanais a tháirgtear go háitiúil. Ar an mbealach sin, beidh tú ag tacú le poist áitiúla agus ag cabhrú leis an gcomhshaol trí mhílte iompair a laghdú.
  • Ceannaigh eispéiris in ionad bronntanais a cheannach! Téigh chuig visitclare.iechun teacht ar a lán smaointe ó áiteanna ar fud an chontae.
  • Ceannaigh bronntanais athláimhe ó shiopaí carthanais. Tacaíonn sé sin le carthanais fhiúntacha agus laghdaíonn sé tomhaltas ag an am céanna.
  • Déan siopadóireacht le haghaidh bia a tháirgtear go háitiúil nó le haghaidh lipéid trádála córa. Bain triail as dinnéar a dhéanamh trí bhia a táirgeadh go háitiúil a úsáid.
  • Déan siopadóireacht i do bhaile nó sráidbhaile áitiúil. Ní hé amháin go dtéann sé sin chun tairbhe dár gcomhshaol, ach tacaíonn sé freisin le gnólachtaí áitiúla agus le poist áitiúla freisin, rud a chabhraíonn lenár bpobail áitiúla a chothú.
  • Ar na dea-smaointe bronntanais eile tá maisiúcháin uaschúrsáilte crann Nollag, dearbháin crann dúchasach, raidiónna grianchumhachtaithe, tóirsí grianchumhachtaithe agus bolgáin solais atá coigilteach ar fhuinneamh.
  • Seachain bronntanais a dteastaíonn ceallraí ina leith, nó ceannaigh luchtaire ceallraí agus ceallraí in-athluchtaithe. Ná déan dearmad gur féidir ceallraí agus an trealamh leictreach dramhaíola ar fad a athchúrsáil saor in aisce – https://erp-recycling.org/ie/
  • Bain triail as cumhdaigh eile amhail nuachtán, seanábhar agus sreang nó ribín is féidir a athúsáid. Nó smaoinigh ar mhálaí bronntanas a úsáid toisc gur féidir iad a úsáid arís is arís eile.
  • Tabhair do mhálaí in-athúsáidte féin leat agus tú ag dul ag siopadóireacht. Ná glac le barraíocht pacáistíochta.
  • Déan liosta siopadóireachta chun nach mbeidh cathú ort rudaí nach dteastaíonn uait nó nár mhaith leat dáiríre a cheannach.
  • Caitear amach geall le 30% den bhia ar fad a cheannaímid! Téigh chuig stopfoodwaste.ie chun smaointe spreagthacha a fháil faoi conas is féidir leat siopadóireacht a dhéanamh le haghaidh bia ar bhealach níos cliste thar thréimhse na Nollag agus chun teacht ar oidis le haghaidh béilí is féidir leat a ullmhú leis an bhfuílleach.
  • Cuimhnigh ar úsáid a bhaint as an mbailiúchán dramhaíola in-athchúrsáilte tirime agus bia a soláthraíonn do bhailitheoir dramhaíola é. Mura bhfuil tú cinnte faoi na rudaí is féidir a athchúrsáil, téigh chuig mywaste.ie. Chun éilliú san araid athchúrsála teaghlaigh a chosc, tá sé tábhachtach a chinntiú gur glan, tirim agus scaoilte atá na míreanna atá á gcur isteach san araid sin. Is féidir leat freisin do bhanc buidéal áitiúil agus/nó d’ionad athchúrsála áitiúil a úsáid freisin. Is féidir láithreacha, uaireanta oscailte agus costais athchúrsála ár n-ionad athchúrsála a aimsiú ag www.clarecoco.ie.”

Page last reviewed: 13/12/23

Content managed by: Corporate Services Department

Back to top